Éigse an Spidéil 2012: Tá clár Éigse na bliana socraithe anois. Léigh tuilleadh faoin Éigse nó gabh caol díreach ag an gclár fhéin.
Éigse an Spidéil www.eigseanspideil.ie
Baile beag Gaeltachta is ea an Spidéal agus tá sé lonnaithe timpeall dhá mhíle dhéag taobh thiar de Chathair na Gaillimhe, ar bhóthar an chósta. Féile pobail is ea Éigse an Spidéil. Bunaíodh í le gnéithe éagsúla de chultúr na háite, ar nós an damhsa, na hamhránaíochta, na filíochta agus na healaíona a cheiliúradh. I measc imeachtaí na hÉigse bíonn taispeántas idirnáisiúnta dhamhsa thraidisiúnta, ceolchoirm mhór, oícheanta filíochta agus seisiúin amhránaíochta agus ceoil.
Ardán
Leanfar le hArdán ar an Aoine 24 Feabhra sa seomra cúil sa Tobar i sráidbhaile an Spidéil.
Beidh Éigse an Spidéil ar bun ón gCéadaoin 22 Feabhra agus is cuid de chlár na hÉigse an tArdán áirid seo. Beidh béim ar leith ar an bhfocal: amhráin agus filíocht is mó a bheas ag an Ardán seo. Is é Feargal Ó Béarra, aoichumadaóir amhrán na míosa seo. Tá neart amhráin bhréatha cumtha ag Feargal agus bhuaigh sé gradam Réalta Raidió na Gaeltachta cúpla bliain ó shin. Is iondúil go mbíonn oíche fhilíochta ar chlár na hÉigse agus bíonn filí Chonamara ag léamh as a saothar ar an oíche.
Seán 'ac Coistealbha, file a d'fhoilsigh Stadhan, cnuasach eile dá chuid filíochta féin le gairid a bheas ina reachtaire ar an oíche.
Beidh fáil ar an maidhc oscailte arís! Tugtar cuireadh don lucht éisteachta deis a thapú le amhráin, ceol, filíocht, agallaimh beirte, damhsa agus rl. a chur i láthair.
Ní ghearrfar aon táille ar an doras. Cuirfear tús le himeachtaí ag 8.00 i.n.
Imeachtaí Éigse an Spidéil 2012
Is ar an Déardaoin an 23 Feabhra a seolfar Éigse an Spidéil 2012. Críochnóidh sí Dé Domhnaigh an 26 Feabhra.
Is minic taispeántas ealaíne mar chuid den Éigse agus, cosúil le hÉigse 2011, is é seoladh an taispeántais an chéad imeacht a bhéas againn, ar an gCéadaoin an dara lá fichead i gCeardlann an Spidéil. Tadhg Mac Dhonnagáin a sheolfas.
Miotal, saothar de chuid Ealaíontóirí Chois Fharraige agus de chuid Pheadair Uí Chualáin (aoi-ealaíontóir), atá dá chur i láthair i mbliana. Beidh an taispeántas ar siúl i rith na hÉigse.
Reachtáilfear na gnáth-imeachtaí uiliug i mbliana freisin. Beidh oíche ceoil agus amhránaíochta i gColáiste Chonnacht oíche Déardaoin; beidh Ardán na hÉigse agus an oíche filíochta ar siúl sa Tobar ar an Aoine, agus beidh ceolchoirm mhór na hÉigse in Óstán na Páirce oíche Dé Sathairn.
Beidh máistir-ranganna ar a' mbosca ceoil agus Comórtas Chuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin ar siúl i gColáiste Chonacht ar an Satharn freisin, agus beidh Comóradh Tom Pháidín Tom agus seisiún scoir na hÉigse i dTigh Hughes maidin an Domhnaigh.
Éigse an Spidéil 2012 go hAchomair
Dé Céadaoin 22 Feabhra
Taispeántas ealaíne.
(a bhéas ar siúl i rith na hÉigse).
Déardaoin 23 Feabhra
Oscailt.
Coirmcheol na hOscailte.
Dé hAoine 24 Feabhra
Oíche filíochta.
Ardán na hÉigse.
Dé Sathairn 25 Feabhra
Máistir-ranganna.
Peatsaí Ó Ceannabháin.
Coirmcheol mór na hÉigse.
Dé Domhnaigh 26 Feabhra
Siúlóid.
Tom Pháidín Tom.
Clabhsúr.
Damhsoir Traidisiúnta na hIndia ag Éigse an Spidéil 2008.
Damhsa is Ceoil
Seisiun i gColáiste Chonnacht oíche Déardaoin a chuirfeas tús le himeachtaí ceoil Éigse 2012. Amhránaithe Sean-nós Óga an Ghaelacadaimh agus Siamsóirí an Acadaimh a bheas ag casadh.
Oíche mhór na gcumadóirí agus na bhfilí í oíche Dé hAoine, nuair a bheidh Ardán na hÉigse agus an oíche filíochta ar siúl le chéile i seomra cúil an Tobair.
Beidh aoi-chumadóirí amhrán, ceoil agus filíochta ann, mar is iondúil, agus maidhc oscailte freisin.
An ceol a chuirfeas tús le himeachtaí an tSathairn, i bhfoirm máistir-ranganna ar an mbosca, ag meán-leibhéal agus ard-leibhéal. Beidh na ranganna seo ar siúl i gColáiste Chonnacht.
Soir linn go hÓstán na Páirce ag a hocht le haghaidh an choirmcheoil mhóir. Tommy Peoples agus Dermot Byrne is Floriane Blancke a bheas ar an ardán. Beidh Seosamh Ó Neachtain a' damhsa. Beidh ceoltóirí áitiúla i mbun an tseisiúin i mbearr an óstáin ina dhiaidh, agus i dTigh Hughes.
Agus, dár ndóigh, beidh neart ceoil agus corr-steip i dTigh Hughes tráthnóna Dé Domhnaigh ag scor na hÉigse!
Cúrsaí Ealaíona
Seoladh thaispeántas ealaíne nua, Miotal a chuirfeas tús le himeachtaí na bliana tráthnóna Dé Céadaoin an dara lá fichead i gCeardlann an Spidéil. Saothar de chuid an grúpa Ealaíontóirí Chois Fharraige é seo, agus de chuid Pheadar Uí Chualáin (aoi-ealaíontóir).
Amhránaíocht
Comórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin, a bheas ar siúi ar uair a' mheánlae i gColáiste Chonnacht ar an Satharn, agus Comóradh Tom Pháidín Tom, a bheas i dTigh Hughes tráthnóna Dé Domhnaigh ar 2.00, ócáidí móra amhránaíochta Éigse an Spidéil. Bronntar Corn RTÉ Raidió na Gaeltachta ar bhuaiteoir Chomórtas Pheatsaí Uí Cheannabháin; do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d'aois atá an comórtas seo.
Filíocht
Oíche Aoine oíche na filíochta i mbliana, agus cumadóirí Ardán na míosa i láthair freisin. Tá ainmneacha na n-aíonna fós le fógairt ach beidh fáilte roimh chách chuig an maidhc oscailte!
Siúloid
Imeacht nua, foláin de chuid Éigse an Spidéil é seo.
Timín Joe Tim Ó Curraidhin a bhéas á stiúradh.
Quick links:









