Clár Éigse an Spidéil 2010

Déardaoin 18 Márta

19.30 Oscailt na hÉigse

Teacht le chéile na gcarad le haghaidh sheoladh Éigse na bliana. Ar siúl in Óstán na Páirce.

20.00 Ceiliúradh ar Mháirtín Ó Direáin

Iniúchadh agus ainilís ar shaol agus ar shaothar an fhile cháiliúil as Árainn. In Óstán na Páirce.

  • Léacht, 'Máirtín Ó Direáin — an fear, an file agus a chuid filíochta', dhá thabhairt ag an Dochtúir Mairéad Coneely.
  • Léitheoireacht, 'Filíocht an Direáinigh', le hAisteoirí an Spidéil.
  • Seoladh leabhair, Máirtín Ó Direáin: na Dánta. Is cnuasach nua é seo, dhá fhoilsiú ag Cló Iarchonnacht.
  • Cúirt na hÉigse: Oíche fhilíochta í an Chúirt, le filí áitiúla.

22.00 Seisiún Ceoil

Le Colm Gannon, Kelly Geraghty agus Mick Conneely. Beidh sé seo ar siúl in Óstán na Páirce freisin.

Dé hAoine 19 Márta

20.00 Taispeántas Damhsa Traidisiúnta

Damhsa duchasach, idirnáisiúnta; idir Éireannach, Meiricánach agus Cúbach. In Óstán na Páirce.

  • Sean-nós na hÉireann le Seosamh Ó Neachtain is damhsóirí áitiúla, agus Johnny Óg Connolly i mbun ceoil.
  • Luascdhamhsa Mheirice le Galway Swing.
  • Salsa cubana Chúba le Dance Project.

21.45 Foinn is Filíocht

'Agus Rud Eile Dhe': Cur i láthair ceoil agus dánta le Louis de Paor agus Ronan Browne. In Óstán na Páirce.

22.30 Seisiún Ceoil

Seisiún ceoil le Johnny Óg Connolly agus cairde. I dTigh Hughes.

Dé Sathairn 20 Márta

10.00 Máistir-ranganna agus Ceardlanna

Uirlisí an cheoil thraidisiúnta dá múineadh ag máistircheoltóirí. Críochníonn ranganna timpeall 13.00. Bíonn chuile sheisiún ar siúl in Óstán na Páirce.

  • An bosca ceoil
  • An fhidil
  • An fheadóg mhór
  • An chonsairtín

12.00 Comórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin

Comórtas do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d'aois. Bronntar Corn RTÉ Raidio na Gaeltachta ar an mbuaiteoir. In Óstán na Páirce.

15.30 Blogam Fíona agus Plaic

Fliuchadh do ghoib, cur is cúiteamh! Sóláistí roimh an taispeántas ealaíona. Sa mBuilín Blasta, i gCeardlann an Spidéil.

16.00 Taispeántas Ealaíona

'Comaoin': Ealaíon is péintéireacht le Cathering Patricia Fleming, dhá sheoladh ag Tadhg Mac Dhonnagáin. I stiúideó Rob d'Eath, i gCeardlann an Spidéil.

20.00 Coirmcheol Mór na hÉigse

Príomh-ócáid na hÉigse. I mbliana tá Oliver Divinney is Geraldine King, Róisín Elsafty agus Siamsóirí an Acadaimh i measc na n-aíonna. Ar siúl in Óstán na Páirce.

22.30 Seisiún Ceoil

Le ceoltóirí áitiúla. In Óstán na Páirce.

Dé Domhnaigh 21 Márta

12.00 Comóradh Tom Pháidín Tom agus Scor

Ócáid amhránaíochta do dhaoine fásta. Foinn i ndiaidh an chomórtha le ceoltóirí na háite agus scor Éigse na bliana ag an deireadh ar fad. I dTigh Hughes.

Imeachtaí Breise

  • Taispeántas léaráidí Máirtín Ó Direáin: na Dánta. Is é Seán Ó Flaithearta an t-ealaíontóir. Beidh an taispeántas seo ar siúl ar feadh na deireadh seachtaine i dTeach na Cúirte.
  • Taispeántas leabhar de chuid foilsitheoirí Cheantair Chonamara. Ar siúl tráthnóna Déardaoin amháin in Óstán na Páirce.

Quick links: