Faraíor, tá Ó Cymru go Conamara, na seimineáir ar phleanáil teanga na Gaeilge agus na Breatnaise a beartaíodh don Aoine is don Satharn, agus a fógraíodh ar phóstaer Éigse an Spidéil 2011, curtha ar ceal.
Clár Éigse an Spidéil 2011
Dé Máirt 15 Márta
20.00 Taispeántas Ealaíne
Saothar an ghrúpa ealaíontóirí, Seisear, dá sheoladh ag Tadhg Mac Dhonnagáin. Is iad Maedhbh Ní Eidhin, Dara Mc Gee, Lisa Uí Choistealbha, Tom Byrne, Andrea Rossi agus Diarmuid Russell iad Seisear. Ar siúl i gColáiste Chonnacht.
Dé Céadaoin 16 Márta
19.30 Oscailt na hÉigse
Éigse an Spidéil 2011 á seoladh go foirmeálta. Máire Ní Neachtain bean a' tí. In Óstán na Páirce.
20.00 Oíche Cheoil agus Ghabháil Fhoínn
Ceoltóirí an Ghaelacadaimh, Cór Chois Fharraige agus Siamsóirí an Acadaimh ar an ardán le haghaidh mór-oíche ceoil agus amhránaíochta. Tá sé seo ar siúl díreach tar éis na hOscailte, in Óstán na Páirce.
22.00 Seisiún Ceoil Neamhfhoirmeálta
Tuilleadh ceoil! Dá chur ar fáil ag ceoltóirí áitiúla in Óstán na Páirce agus i dTigh Hughes.
Déardaoin 17 Márta
11.45 Ceol na nGasúr
Ceiliúradh na Féile Pádhraic le Banna Ceoil Scoil Éinde, is iad ag casadh i nGrotto Chill Éinde.
12.00 Paráid na Féile Pádhraic
Paráid mhór bhliantúil an bhaile, siar agus soir frí shráidbhaile an Spidéil.
15.30 Scéalaíocht agus Péinteáil Éadan
Siamsaíocht agus spraoi do ghasúir. Le Síle Nic Chonaonaigh agus Patricia Caulfield, i Leabharlann an Spidéil.
20.00 Oíche Fhilíochta
Máire Ní Neachtain reachtaire na hoíche. In Óstán na Páirce.
- 'Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha'
- Fhilíocht Learaí, file pobail áitiúil, dá cur i láthair agus dá plé ag an Ollamh Gearóid Denvir. Dánta roghnaithe dhá léamh ag Aisteoirí an Spidéil.
- Cúirt Éigse
- Ardán oscailte d'fhilí Chonamara agus na Gaillimhe.
22.00 Seisiún Ceoil Neamhfhoirmeálta
Ceoltóirí áitiúla ag casadh i dTigh Hughes.
Dé hAoine 18 Márta
20.00 Taispeántas Damhsa
Cead isteach: €15.
Damhsa duchasach, idirnáisiúnta; ó chultúir na hÉireann agus Andalucia. Ar an ardán in Óstán na Páirce.
- Sean-nós na hÉireann le Seosamh Ó Neachtain, Mícheál Ó Súilleabháin agus Catherine Ní Shúilleabháin.
- Flamenco Andalucia na Spáinne le hAl-Andar.
22.00 Seisiún Ceoil Neamhfhoirmeálta
Ceol dá chur ar fáil ag ceoltóirí áitiúla in Óstán na Páirce agus i dTigh Hughes.
Dé Sathairn 19 Márta
10.00 Máistir-ranganna agus Ceardlanna
Táille: €20.
Uirlisí an cheoil thraidisiúnta dá múineadh ag máistircheoltóirí. Críochníonn ranganna timpeall 13.00. Bíonn 'chaon seisiún ar siúl in Óstán na Páirce.
12.00 Comórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin
Comórtas amhránaíochta do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d'aois. Bronntar Corn RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an mbuaiteoir. In Óstán na Páirce.
20.00 Coirmcheol mór na hÉigse
Táille: €15.
Oíche na mBoscadóirí. Le Seáinín Phat Mhyle Mac Donncha, Johnny Connolly, Johnny Óg, Kevin Coyne, Colm Gannon agus P.J. Hernon. Tionlacan le John Blake agus damhsa le Seosamh Ó Neachtain. Ar siúl in Óstán na Páirce.
22.00 Seisiún Ceoil Neamhfhoirmeálta
Ceoltóirí áitiúla ag cur deireadh leis an oíche in Óstán na Páirce agus i dTigh Hughes.
Dé Domhnaigh 20 Márta
12.30 Comóradh Tom Pháidín Tom agus Scor
Ócáid amhránaíochta do dhaoine fásta. Foinn i ndiaidh an chomórtha le ceoltóirí na háite agus scor Éigse na bliana ag an deireadh ar fad. I dTigh Hughes.
Threasa Ní Mhiolláin (Árainn), Áine Uí Laoithe (Corca Dhuibhne) agus Theresa Mhic Fhlaithbheartaigh (Oileán Thoraí) faighteoirí na ngradam i mbliana.
Quick links: