Clár Éigse an Spidéil 2012

Dé Céadaoin 22 Feabhra

20.30 Taispeántas Ealaíne

Beidh an taispeántas seo ar siúl i rith na hÉigse.

Miotal, saothar de chuid an ghrúpa Ealaíontóirí Chois Fharraige:

  • Méadhbh Ní Eidhin
  • Dara Mc Gee
  • Lisa Ní Choistealbha
  • Tom Byrne
  • Andrea Rossi
  • Diarmuid Russell
  • Aoi-ealaíontóir: Peadar Ó Cualáin (an gabha)

Dá sheoladh ag Tadhg Mac Dhonnagáin. I gCeardlann an Spidéil.

Déardaoin 23 Feabhra

20.00 Oscailt na hÉigse

Éigse an Spidéil 2012 á seoladh go foirmeálta. Máire Ní Neachtain bean a' tí. I gColáiste Chonnacht.

20.30 Oíche Cheoil agus Ghabháil Fhoínn

Amhránaithe Sean-nóis Óga an Ghaelacadaimh agus Siamsóirí an Acadaimh ar an ardán le haghaidh mór-oíche ceoil agus amhránaíochta. Tá sé seo ar siúl díreach tar éis na hOscailte, i gColáiste Chonnacht.

22.00 Seisiún Ceoil Neamhfhoirmeálta

Tuilleadh ceoil! Dá chur ar fáil ag ceoltóirí áitiúla i dTigh Hughes.

Dé hAoine 24 Feabhra

20.00 Ardán na hÉigse; Filíocht

Oíche na bhfilí agus na gcumadóirí. Feargal Ó Béarra aoi-chumadóir amhrán na míosa. I seomra cúil an Tobair.

  • Tá aíonna na hoíche le fógairt.
  • Maidhc oscailte; fáilte roimh chách!

22.30 Seisiún Ceoil Neamhfhoirmeálta

Ceol dá chur ar fáil ag ceoltóirí áitiúla sa Tobar.

Dé Sathairn 25 Feabhra

12.00 Comórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin

Comórtas amhránaíochta do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d'aois. Bronntar Corn RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an mbuaiteoir. I gColáiste Chonnacht.

13.30 go 16.30 Máistir-ranganna

Táille: €20.

Tá líon na n-áiteanna teoranta. Níor mhór clárú roimh ré; déan teagmháil le hOifig na hÉigse.

An bosca ceoil; meán-leibhéal agus ard-leibhéal. Críochníonn ranganna timpeall 4.30i.n. Ar siúl i gColáiste Chonnacht.

20.00 Coirmcheol mór na hÉigse

Táille: €15.

Le Tommy Peoples agus Dermot Byrne is Floriane Blancke. Damhsa le Seosamh Ó Neachtain. Ar siúl in Óstán na Páirce.

22.30 Seisiún Ceoil Neamhfhoirmeálta

Ceoltóirí áitiúla ag cur deireadh leis an oíche in Óstán na Páirce agus i dTigh Hughes.

Dé Domhnaigh 26 Feabhra

12.30 Siúlóid na hÉigse

Dá stiúradh ag Timín Joe Tim Ó Curraidhin.

2.00 Comóradh Tom Pháidín Tom agus Scor

Ócáid amhránaíochta do dhaoine fásta. Bronnadh gradaim Tom Pháidín Tom ar:

  • Tomás Ó Máille (Tuar Mhic Éadaigh)
  • Johnny Mháirtín Learaí (Carna)

Foinn i ndiaidh an chomórtha le ceoltóirí na háite agus scor Éigse na bliana ag an deireadh ar fad. I dTigh Hughes.

Quick links: