Seo clár na bliana 2014.

Clár Éigse an Spidéil 2014

Dé Céadaoin 5 Márta

20.30 Taispeántas Ealaíne

Saothar le Dan Ó Flatharta.

I Stiúideó Sheáin Uí Mhainnín, Ceardlann an Spidéil.

Déardaoin 6 Márta

20.00 Oscailt na hÉigse

Éigse an Spidéil 2014 á seoladh go foirmeálta.

In Óstán na Páirce.

20.15 Ceolchoirm

Amhránaithe Sean-nóis Óga an Ghaelacadaimh ar an ardán le haghaidh mór-oíche ceoil agus amhránaíochta.

Ar siúl díreach tar éis na hOscailte, in Óstán na Páirce.

21.00 Sceitse is agallamh beirte

Le Bróna is Páid Ó Neachtain agus Aisling Ní Neachtain.

In Óstán na Páirce.

22.00 Seisiún Ceoil Neamhfhoirmeálta

Foinn agus amhráin le ceoltóirí áitiúla.

I dTigh Hughes.

Dé hAoine 7 Márta

20.00 Ardán na hÉigse; Filíocht

Oíche na bhfilí agus na gcumadóirí.

  • Liam Ó Muirthile aoi-fhile na míosa.
  • Jack Talty aoi-chumadóir ceoil na míosa.
  • Maidhc Oscailte d'fhilí; fáilte roimh chách!

Tá ionad Ardán na hÉigse le fógairt.

22.30 Seisiún Ceoil Neamhfhoirmeálta

Foinn agus amhráin le ceoltóirí áitiúla.

Tá ionad an tseisiúin ceoil le fógairt freisin.

Dé Sathairn 8 Márta

12.00 Comórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin

Comórtas amhránaíochta do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d'aois. Bronntar Corn RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an mbuaiteoir.

In Óstán na Páirce.

13.30 go 16.30 Ceardlanna

Táille: €20.

Tá líon na n-áiteanna teoranta. Níor mhór clárú roimh ré; déan teagmháil le hOifig na hÉigse.

Veidhlín le Dónal McCague.

Meán-leibhéal agus ard-leibhéal. Deichniúr ar a mhéid sa rang.

Ar siúl i gColáiste Chonnacht.

20.00 Coirmcheol mór na hÉigse

Táille: €Le fógairt.

Leis an Máirtín O'Connor Band, Dónal Mc Cague (Ceoltóir Óg na Bliana TG4, 2013) agus Michael Mc Cague.

In Óstán na Páirce.

22.30 Seisiún Ceoil Neamhfhoirmeálta

Ceoltóirí áitiúla ag cur deireadh leis an oíche.

In Óstán na Páirce.

Dé Domhnaigh 9 Márta

12.00 go 13.00 Siúlóid na hÉigse

Siúlóid stiúrtha le Timín Joe Tim Ó Curraidhín.

Ar Shráidbhaile an Spidéil.

14.00 Comóradh Tom Pháidín Tom agus Scor

Ócáid amhránaíochta agus ceoil. Gradam Laoch an Traidisiúin á bhronnadh ar phearsa aitheanta a fhógrófar ag an ócáid. In onóir Tom Pháidín Tom as Baile 'n tSagairt.

Foinn i ndiaidh an bhronnta le ceoltóirí na háite agus scor Éigse na bliana ag an deireadh ar fad.

I dTigh Hughes.

Quick links: