D'fhéadfadh mionathruithe a bheith ar an gclár fós.

Clár Éigse an Spidéil 2015

Dé Céadaoin 4 Márta

19.30 Seoladh thionscadail idirbhliana

Saothar de chuid mic léinn iarbhunscoile an limistéir:

  • Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.
  • Coláiste Cholmcille, Indreabhán

Á stiúradh ag Dara Mc Gee.

I Stiúideó Cuan, taobh thiar de Cheardlann an Spidéil.

Déardaoin 5 Márta

20.00 Oscailt na hÉigse

Éigse an Spidéil 2015 á seoladh go foirmeálta.

I Stiúideó Cuan.

20.30 Ceolchoirm

Ceoltóirí Óga an Ghaelacadaimh ar an ardán le haghaidh mór-oíche ceoil agus amhránaíochta.

Sceitse is agallamh beirte

Ar siúl díreach tar éis na hOscailte, i Stiúideó Cuan.

22.00 Seisiún Ceoil

Tigh Ghiblin.

Dé hAoine 6 Márta

20.00 Ardán na hÉigse; Filíocht

Oíche na bhfilí agus na gcumadóirí.

  • Ailbhe Ní Ghearbhuigh an aoi-fhile.
  • Saileog Ní Cheannabháin an aoi-chumadóir ceoil.
  • Maidhc Oscailte d'fhilí; fáilte roimh chách!

Thuas staighre, Tigh Ghiblin.

22.30 Seisiún Ceoil

Foinn agus amhráin.

Le Jack Talty ⁊ Saileog Ní Cheannabháin.

Tigh Ghiblin.

Dé Sathairn 7 Márta

12.00 Comórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin

Comórtas amhránaíochta do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d'aois. Bronntar Corn RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an mbuaiteoir.

Tá an t-ionad le fógairt.

13.30 go 16.30 Ceardlanna

Táille: €15.

Tá líon na n-áiteanna teoranta. Níor mhór clárú roimh ré; déan teagmháil le hOifig na hÉigse.

Teagascóirí le fógairt.

Meán-leibhéal agus ard-leibhéal. Deichniúr ar a mhéid sa rang.

I Stiúideó Cuan.

20.00 Coirmcheoil mhór na hÉigse

Táille: €15.

Cuid 1: Liam O'Connor ar an bhfidil.

Cuid 2: Ceol ⁊ damhsa nua-chumtha.

  • Johnny Óg Connolly.
  • Seosamh Ó Neachtain ⁊ Máire Áine Ní Iarnáin.
  • Tionlacan le Garry Ó Briain.

In Óstán na Páirce.

22.30 Seisiún Ceoil

Le Dermot Byrne ⁊ Floriane Blancke.

In Óstán na Páirce.

Dé Domhnaigh 8 Márta

12.00 go 13.00 Siúlóid na hÉigse

Sonraí le fógairt.

I Sráidbhaile an Spidéil.

14.00 Comóradh Tom Pháidín Tom agus Scor

Ócáid amhránaíochta agus ceoil. Gradam Laoch an Traidisiúin á bhronnadh ar phearsa aitheanta a fhógrófar ag an ócáid. In onóir Tom Pháidín Tom as Baile 'n tSagairt.

Foinn i ndiaidh an bhronnta le ceoltóirí na háite agus clabhsúr Éigse na bliana.

Sa Droighneán Donn.

Quick links: