Faoi Éigse an Spidéil

Bunú na hÉigse

Féile pobail is ea Éigse an Spidéil. Is ceiliúradh í ar ghnéithe éagsúla de chultúr ha háite, na Gaeltachta agus hÉireann — agus de chultúir dhomhanda freisin. Tá sí tamall maith ann anois: bunaíodh í ag deireadh na 1970dí, cé níorbh í an Éigse chéanna a bhí ann an uair sin. Bhí léachtaí agus cur is cúiteamh intleachtúil i lár an aonaigh ag an tús agus má tá na rudaí sin againn i gcónaí tá an clár leathnaithe amach le go bhfreastlaí sé ar an dtaobh ealaíonta den saol.

Damhsa

Seans gurb é seo an ghné is feiceálaí d'Éigse an Spidéil sa lá inniu; níl aon dabht ach gurb é is spleodaraí!

Bíonn an damhsa aonair ar an sean-nós againn, agus corr-sheit, ach bíonn an taispeántas damhsa idirnáisiúnta ar cheann de na himeachtaí is mó éalamh chuile bhliain.

Le blianta beaga anuas bhí damhsóirí traidisiúnta againn ón Airgintín, ón Spáinn, ón Ind, ón Bhraisíl, ó Chúba agus ós na Stáit Aontaithe.

Amhránaíocht

Níor ghá é seo a lua ar an gclár foirmeálta le go gcloisfí duine nú beirt ag gabháil fhoinn. Fós héin, tá ait ar leith againn d'amhránaíocht ar an sean-nós, agus bíonn dhá ócáid speisialta ar an gclár chuile bhliain le hárdán a chur ar fáil d'amhránaithe, idir óg agus fásta:

Comórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin

B'as Ros Muc do Pheatsa Ó Ceannabháin ach phós sé isteach sa Spidéal. Roinn go flaithiúil, foideach a chuid scileanna leis an dream óg. Chaith tamall mar theagascoir amhránaíochta don Ghaelacadamh.

Comórtas do dhaoine atá faoi bhun ocht mbliana déag d'aois é an comórtas seo. Bronntar Corn RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an mbuaiteoir.

Comóradh Tom Pháidín Tom

B'as Baile 'n tSagairt, taobh thoir de shráidbhaile an Spidéil, do Thom. Chaith sé a shaol ar fad sa mbaile agus is aige a bhí dúchas agus cultúr na sean. Tharraing cáil air féin mar an chéad duine riamh (in aon áit) a d'eisigh a chéad albam — is é in aois na gceithre fichidí!

Daoine fásta amháin a bhíonn ar an ardán sa gcomóradh seo.

Ceol

Tá an ceol agus an damhsa fite fuaite, agus ní hiondúil ceoltóirí agus amhránaithe i bhfad óna chéile. Bíonn dhá ionad ar leith le linn na hÉigse a mbíonn an ceol go mór chun tosaigh.

Ceolchoirm na hÉigse

Is é an coirmcheol mór príomhócáid na hÉigse. Ar an Satharn a bhíonn sé i gcónaí.

Seisiúin

Seisiún ceoil a chuireann deireadh le formhór laethanta le linn na hÉigse. Tigh Hughes, sa tsráidbhaile, agus Óstán na Páirce, thoir, an dá theach is mó go mbailíonn lucht an cheoil le chéile.

Ealaíon

Is iondúil taispeántas (nó taispeántais!) ealaíona dhá seoladh le linn na hÉigse, agus is maith linn ardán a chuir ar fáil d'ealaíontóirí óga go háirid.

Bíonn idir phéintéireacht, dealbhdóireacht agus dearcealaíona nua-aimsearthach ann.

Filíocht

Cuid an-mhór den Éigse í an fhilíocht, le blianta beaga go háirid. Tugtar cuireadh d'fhilí móra na Gaeilge chuid dá saothar a chuir os comhair na hÉigse in ionaid neamhfhoirmeálta ar nós Óstán na Páirce agus Bialann an Bholuisce, sa gcaoi is gur i measc an lucht féachna atádar, seachas a bheith thuas ar an ardán.

Urlár oscailte a bhíonn ann, áfach, agus bíonn fáilte roimh 'chaon duine dán nó dhó a rá.

Léachtaí

Nil an taobh intleachtúil ligithe i léig againn! Bíonn léachtaí againn chuile bhliain faoi rudaí éagsúla — ó chaomhnú na teanga go forbairt pobail go stair agus cultúr na hÉireann.

Máistir-ranganna agus ceardlanna

Cuireann Éigse an Spidéil máistir-ranganna agus ceardlanna ar fáil do rannpháirtithe — agus don dream óg go háirid — i rudai ar nós:

  • an fhidil
  • an chonsairtín
  • an fheadóig mhór
  • an amhránaíocht (sean-nós)
  • an damhsa (sean-nós)

Quick links: